Athscríbhinn den ghearrthóg An Fháinleog Caibidil 13

13. Sciúrdann éan as gach ealta.
Dimigh siad ar fad. Tá siad ar fad imithe agus táimse réidh le himeacht fosta!
Tá an pláinéad ag fáil bháis. Is ar éigean go bhfuil an pláinéad seo beo. Beo ar éigean atá sé. Beo ar éigean. Tá an pláinéad truaillithe. Tá an pláinéad truaillithe againn. D’ith muid gach rud a bhí ar an phláinéad. D’ól muid gach rud a bhí ar an phláinéad. Agus tá fearg ar an phláinéad anois; tá fearg mhór ar an phláinéad. Tá an pláinéad míshásta; tá an pláinéad cantalach. Bíonn stoirmeacha ann gach aon lá. Gach aon lá.

Tá an pláinéad cantalach. Muidinne is cúis leis sin; muidinne is cúis leis an fhearg. Muidinne is cúis leis an drochaimsir agus leis an tubaiste. D’ith muid agus d’ól muid agus thóg muid agus ghearr muid agus ghoid muid gach aon rud luachmhar den phláinéad. Gan chead. Gan chiall. Gan stad. Gan staonadh. Gan smaoineamh. Gan sos. Tá an pláinéad ag fáil bháis. Is ar éigean atá an pláinéad beo.

Ach ní bhfaighidh mise bás anseo. Ní bhfaighidh mise bás ar an phláinéad seo atá beo ar éigean. Tá deis agam imeacht. Táim chun imeacht...agus ní thiocfaidh mé ar ais! Is mise Dónal na Gealaí. Thóg mise an spásárthach seo. Thóg mé é le mo lámha féin. Thuig mé go raibh tubaiste ag druidim linn.

Léigh mé na nuachtáin. D’amharc mé ar an teilifís. Chonaic mé na tuairiscí nuachta. Thuig mé go raibh tubaiste ag druidim linn. Bhí daoine eile nár thuig. Sin é an fáth a thóg mé an spásárthach seo. Clann Lir a thug mé air mar ainm. Clann Lir, sea. Tá a fhios agam go mbeidh mé ag taisteal go cionn na gcéadta bliain. Ó phláinéad go pláinéad. Ó réalta go réalta. Ó ghealach go gealach. Is mise Dónal na Gealaí. Is spásaire mé.

Agus tá mé ag imeacht. Tá mé ag imeacht. Tá mé ag imeacht. Slán. Slán. Slán leat. Slán leis an tír seo. Slán leis an phláinéad seo. Slán libh ar fad. Sciúrdann éan as gach ealta. Tá mé ag imeacht. Tá mé ag dul go dtí réaltaí agus na pláinéid eile. Tá mé ag dul amach sa ghrianchóras. Tá mé ag dul ó phláinéad go pláinéad; tá mé ag dul ó réalta go réalta. An gcluineann tú na hinnill? An gcluineann tú iad? Is iad atá cumhachtach mar innill. Is iad a thabharfaidh ón phláinéad seo go pláinéad eile mé. Is iad a thabharfaidh slán mé. Éist leis na hinnill. Éist leo!
Ha...ha! Úaaaí!
Ha! Is taistealaí ceart anois mé! Dónall na Gealaí. Is taistealaí sa ghrianchóras mé. Tugann siad spásaire ar mo leithéid. Taistealaím sa spás. Tá mé ag imeacht ón phláinéad seo, ón phláinéad seo. Tá mé ag éalú. Úaaaú!

A deich. A naoi. A hocht. A seacht. A sé. A cúig. A ceathair. A trí. A dó. A haon. Tá mé réidh le himeacht…
Tá mé ag éalú! Úaaaú!

Téigh go dtí an leathanach 'An Fháinleog Caibidil 13'