Irish
12. I ndiaidh a aimhleasa a fheictear a leas don Éireannach.
Seo. Bí ag éisteacht liom. Tá práinn leis an teachtaireacht seo anocht. Ní thig liom mórán a rá. Tá fadhbanna agam. Tá mé faoi ionsaí. Tá daoine ag déanamh ionsaí orm. Tá eagla orthu; tá eagla a gcraicinn orthu. Agus tá eagla mo chraicinn ormsa fosta. Tá fearg ar dhaoine. Tháinig siad anocht ar lorg mo roicéid. Thug duine éigin le fios dóibh cad é a bhí ar bun agam. Bhí na céadta acu ann. Chuardaigh siad m’áit oibre ach níor aimsigh siad í. Ní raibh mé chomh gann sin i gciall. Cheil mé mo chuid oibre. Bhí eagla orm go dtarlódh rud éigin mar seo. Bhí eagla orm go ndéanfadh daoine ionsaí orm.
Níl an spásárthach seo fairsing go leor. Níl spás ann ach do bheirt. Beirt. Sin uilig. Shíl mé go dtiocfadh mo ghrá geal liom ach...bhuel, níl muid le chéile níos mó. An ise a dúirt leis an scaifte seo cad é a bhí ar siúl agam? Ní dhéanfadh sí é sin. Tá mé cinnte nach ndéanfadh. Tá mé cinnte de. Chonaic mé an scaifte ag tarraingt orm. Bhí a fhios agam cad é a bhí ar intinn acu a dhéanamh. Is dócha gurbh fhearr leo an spásárthach seo a scriosadh ná cead mo chinn a thabhairt domsa. Ach chuaigh mé i bhfolach. Chonaic mé iad ag tarraingt orm agus chuaigh mé i bhfolach.
Rith sé liom gur chóir dom labhairt leo. Rith sé liom go mb’fhéidir go mba chóir dom dul chun cainte leo. Shocraigh mé sa deireadh gan é sin a dhéanamh. Tá eagla orthu. Tá eagla a gcraicinn orthu. Tuigim dóibh. Tá eagla ormsa chomh maith le duine ar bith acusan! Ó is ag dul in olcas atá cúrsaí. Tá an aimsir ag éirí níos fíochmhaire. Is léir do dhaoine go bhfuil fadhb anois ann. Tá daoine ag iarraidh éalú anois. Tá mise ag iarraidh éalú anois fosta. Ach ba mhaith liom teacht ar ais. Más féidir liom é.
Ní thig liom mórán eile a rá. Tá daoine thart go fóill. Chuaigh mé i bhfolach nuair a chonaic mé iad. Tá mé i bhfolach go fóill. Cluinimse daoine ag caint. Níl siad chomh callánach agus a bhí. Bhí fearg orthu; bhí fearg mhór orthu. Chuardaigh siad an suíomh. Tá áthas orm nár aimsigh siad mé. Ní chreidim nár aimsigh siad mé. Chuala mé iad ag screadach. Chuala mé iad ag tochailt. D’éirigh eatarthu ar ball. Thosaigh siad ag spairn le chéile. Níor chuir sé sin iontas ar bith orm. Sílim go raibh cuid acu ólta. Tá mé cinnte go raibh cuid acu ólta.
Níor chuala mé rud ar bith le tamall. Níor chuala mé glór nó callán ar bith le tamall beag. Tá an chuma ar an scéal gur imigh an chuid is mó acu. Is faoiseamh é sin. Níl mé ag iarraidh troid le daoine agus níl mé ag iarraidh go scriosfaidh siad mo chuid oibre. Bhí an t-eolas céanna acu agus a bhí agamsa ach ní dhearna siad faic. Níor ghníomhaigh siad. I ndiaidh a aimhleasa a fheictear a leas don Éireannach. Bhuel, ní mar sin domsa. Chonaic mise an t-aimhleas agus rinne mé gníomh. Níor shuigh mé siar ar na rámhaí. Níor ghéill mé don éadóchas.
Tá an bád beag seo de spásárthach réidh. Tá mise réidh. Ní fada anois go n-imeoidh mé. Is trua liom go gcaithfidh mé imeacht liom féin. Níl mé ag iarraidh bheith i m’Oisín i ndiaidh na bhFiann. Níl mé ag iarraidh bheith uaigneach ach níl an dara rogha agam. Caithfidh mé imeacht. Caithfidh mé cur ar shúile polaiteoirí agus pobail go bhfuil an domhan ag fáil bháis.
Seo, ní féidir liom mórán eile a rá. Sílim go bhfuil an scaifte imithe. Tá an t-am agam imeacht. Bí ag éisteacht liom amárach. Beidh nuacht agam duit, nuacht mhór.