Irish
11. Molann an obair an fear.
Tá sé réidh. Tá an spásárthach réidh! Tá an roicéad réidh agam! Creid é nó ná creid. Tá an obair curtha i gcrích agam. Bhuel, ní fíor sin ar fad – tá an obair curtha i gcrích againne. Tá mo cheann scríbe bainte amach agam. Ach ní bhainfinn amach é gan an cuidiú a thug tú dom. Tógaimis bomaite le breathnú siar ar a bhfuil bainte amach agam. Ní raibh anseo ach smaoineamh buille a bhí agam cúpla mí ó shin. Ach, diaidh ar ndiaidh, thóg mé an spásárthach seo. Cuirfidh mé síos air ar dtús: tá an roicéad seo chomh caol le cú. Tá sé dea-dhéanta. Ó, dá bhfeicfeá an radharc atá os mo chomhair. Tá sé go hálainn, go hálainn ar fad.
Tá éacht déanta agam. Tá bród orm as an éacht sin. Is mór an tógáil croí bheith ag amharc ar an árthach seo agus fios agam gur mise a thóg é. Tig liom an chruinne mhór a thaisteal. Tig liom cuairt a thabhairt ar an ghealach. Tig liom cuairt a thabhairt ar phláinéid eile sa ghrianchóras. Tig liom cuairt a thabhairt ar na réaltaí.
Eagla a thug orm tús a chur leis an tionscnamh seo. Bhí eagla orm roimh an téamh domhanda. Shíl mé gur chóir dom teitheadh. Shíl mé go raibh an bás ag an phláinéad beag seo. Tá an eagla sin orm go fóill. Ach tá mothú eile orm anois fosta. Cad é mar a chuirfinn síos air? Tá mé fiosrach. Tá mé tógtha. Tá mé ar bís. Tá na tréithe sin uilig ionam faoi láthair. Tá an fhiosracht agus an eagla agus an gliondar uilig ag coraíocht lena chéile. Tá mo chroí ar preabadh. Tá mo shamhlaíocht ar preabadh. Tá gach féith de mo cholainn teann le hiontas. Amharc ar an rud atá romhat. Amharc air. Spásárthach. Spásárthach a thóg mise le mo dhá lámh féin.
Molann an obair an fear. Is mór mar a mholann an obair seo mise. Bhí mé dáigh i mbun oibre. Níor chloígh deacrachtaí mé. Níor ghéill mé don éadóchas. D’oibrigh mé ó dhubh go dubh. D’oibrigh mé ó lá go lá, ó sheachtain go seachtain, ó mhí go mí, ó ráithe go ráithe. Níor chaill mé mo mhisneach. A mhalairt. Chothaigh mé mo mhisneach. Thug mé dúshlán do lucht mo cháinte agus bhain mé mo cheann scríbe amach sa deireadh! Tá an roicéad réidh. Tá an spásárthach réidh. Feicim anois an bealach atá le mo mhian. Tá sé in am agam anois aghaidh a thabhairt ar an chruinne. Níl eagla orm roimh an aistear sin. Tá mé chomh cróga le Cú Chulainn féin. Ní fada uaim anois an t-aistear ollmhór. Ní fada uaim é.
Ach, ar dtús, caithfidh mé ainm a bhaisteadh ar an spásárthach seo. Caithfidh mé ainm cuí a bhaisteadh air. Bhí mé ag smaoineamh ar “An Fháinleog” a thabhairt air. Ní holc an t-ainm é. Tá an fháinleog cróga mar éan. Ní chuireann aistear mór fada beaguchtach ar an fháinleog. Sea, ní holc an t-ainm é ach ní dhéanfaidh sé cúis sa chás seo. Rith ainm eile liom, ainm as an tseanaois. Clann Lir a thabharfaidh mé ar an spásárthach. Clann Lir. Is iontach é mar ainm. Fóireann sé don ócáid thar ainm ar bith eile, sílim.
Ní fada go n-imeoidh mé anois. Ach ar ndóigh, beidh mé i dteagmháil leat roimh ré. Ní fada anois go n-imeoidh ach cuirfidh mé ar an eolas tú roimh ré. Tá roinnt mionrudaí le socrú ar dtús. Beidh mé ar ais san oíche amárach. Go dté tú slán.