Irish
9. Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.
Tá mé ag obair. Tá mé ag obair liom. Tá mé ag obair ar aghaidh liom. Tá mé ag obair go dóchasach. Tá mé ag obair go díograiseach. Tá mé sásta leis an obair atá déanta go dtí seo. Tá cuma níos fearr ar chúrsaí anois ná mar a bhí. Tá cruth níos fearr ar an roicéad. Sea, roicéad, a dúirt mé. Mothaím rud beag seafóideach as roicéad a thabhairt ar an árthach seo. Ach sin é an rud atá ann. Roicéad beag de mo chuid féin.
Níl mo dhóchas caillte agam as cúrsaí polaitíochta. Tá mé ag scríobh liom chuig polaiteoirí. Tá mé ag postáil mo chuid tuairimí ar líne. Tá mé ag scríobh chun na nuachtán. Tá díospóireacht faoi théamh domhanda ar siúl go poiblí anois agus is maith ann í mar dhíospóireacht. Molaim an díospóireacht. Molaim na tuairimí. Molaim an feachtas atá ar siúl ag grúpaí agus ag daoine aonair. Is mór is fiú iad uilig. Tá súil agam go mbeidh toradh ar an díospóireacht bhríomhar. Tá súil agam go dtabharfaidh daoine cluas le héisteacht di.
Ach níl muinín agam astu. Is duine ciallmhar mé. Is duine siosmaideach mé. Is duine stuama mé. Níl mé le dul sa seans go n-éistfidh na polaiteoirí liom. Níl mé le dul sa seans ar chor ar bith. Ní hé lá na gaoithe lá na scolb. Ní fhágfaidh mé an t-ullmhúchán go dtí an bomaite deiridh. Tá mé ag obair liom. Tá mé ag tógáil liom. Leanfaidh mé den obair leis an roicéad. Tá súil agam nach mbeidh mo roicéad de dhíth, áfach. Tá súil agam go mbeidh na polaiteoirí chomh ciallmhar siosmaideach liom féin. Ach ní bheidh mise thíos leis mura mbeidh.
Tá mé ag gníomhú liom. Tá mé ag tógáil ó dhubh go dubh. Ach ná smaoinigh go bhfuil mé ag géilleadh don éadóchas. Ná smaoinigh go bhfuil mé ag géilleadh don lagmhisneach. Níl ná baol air. Níl ann ach go gcaithfidh mé bheith gníomhach. Ní thig liom suí siar ar na rámhaí. Caithfidh mé rud éigin a dhéanamh. Tá daoine ann nach ndéanann rud ar bith ach gearán. Tá daoine ann a deir: “Tá sé seo contráilte”, ach ní dhéanann siad iarracht ar bith an rud a chur ina cheart. Níl mise mar sin. Aithním go bhfuil fadhb againn. Aithním go gcaithfidh muid an fhadhb sin a phlé. Ach ní leor caint seo agamsa. Caithfidh mé gníomhú.
Is tá tusa ag gníomhú fosta. Tá a fhios agam go bhfuil tusa ag gníomhú fosta. Tá a fhios agam go bhfuil tú ag gníomhú an oiread chéanna liom féin. Tuigim gur tionscadal mór é seo. Tuigim go dtugann an tionscadal seo ár ndúshlán. Bíodh amhlaidh é. Níl eagla ormsa roimh dhúshlán. Níl eagla ormsa roimh obair mhór.
Agus ná bíodh imní ort faoin rud eile sin. Ná bíodh imní ort faoi chúrsaí croí. Tá mé go breá. Bhuel, tá biseach áirithe orm, ach admhaím go bhfuil mé rud beag uaigneach, maith go leor. Tá an t-ádh orm, áfach, mar tá cairde agam. Tá cairde móra agam.
Beidh mé ag caint leat go luath. M’anam go mbeidh.