Irish
8. Is í a chneá féin is luaithe a mhothaíonn gach duine.
Amaideach! Amaideach! Amaideach! Nach mé atá amaideach. Nach mé atá seafóideach. Nach mé atá gan chiall. Is í a chneá féin is luaithe a mhothaíonn gach aon duine. Sin mar a bhí an scéal liomsa. Mo chneá féin a mhothaigh mé. Mo chneá féin agus ní cneá mo chailín. Cad chuige nach mbeadh sí ag iarraidh dul amach ag damhsa? Cad chuige nach mbeadh sí ag iarraidh dul go dtí an phictiúrlann nó go bialann?
Cad chuige nach mbeadh? Is bean óg í. Is fear óg mise. Seo iad na rudaí a dhéanann daoine óga: Coinníonn siad cuideachta le chéile. Labhraíonn siad le chéile. Siúlann siad amach le chéile. Bíonn caidreamh acu le chéile. Ach mise...chomh tógtha agus a bhí mé le mo chuid oibre. Ligim don obair an lámh in uachtar a fháil orm i gcónaí. Ní sheachnaím an obair ach seachnaím daoine.
B’fhearr liom uaireanta móra fada a chaitheamh cois ríomhaire ná uair an chloig féin a chaitheamh ag siúl cois locha. B’fhearr liom mo mhéara a chur ag damhsa ar an mhéarchlár ná na méara céanna a chur le méara mo chailín. B’fhearr liom comhrá mór fada a dhéanamh ar an réaltra ná siúl faoin ghealach mhór le mo chailín. Amaideach. Gan chiall. Seafóideach. Sin mise. Sin mise.
Ní hiontas gur thréig mo chailín mé. Ní hiontas gur éirigh sí tuirseach den chuideachta leadránach. Ní hiontas go ndeachaigh sí a bealach féin. Ní hiontas go raibh sí míshásta leis an chaidreamh seo againne. Caidreamh? An féidir liom caidreamh a thabhairt air fiú? Caidreamh bréige a bhí ann – agus mise ba chúis leis bheith bréagach.
Mise a d’inis na bréaga. Mise a chuir beaguchtach uirthi. Mise a chuir beaguchtach uirthi le mo chuid cainte ar fad ar fhíricí agus staitisticí. D’amharc mé suas ar neamh agus chonaic mé ceisteanna eolaíochta. D’amharc sise suas ar neamh agus chonaic sise áilleacht na cruinne. Ní hé nár thuig sí an eolaíocht. Thuig – an oiread chéanna liom féin. Ach bhí mise dall ar an áilleacht. Bhí mise ag iarraidh an chruinne a cheansú. Bhí sise ag iarraidh an chruinne a thuigbheáil. Is mór idir iad.
Tá cumha orm ag smaoineamh ar ár gcás. Is mór an crá croí é. Orm féin atá an locht. Orm féin an locht. Bhí mé amaideach. Bhí mé seafóideach. Bhí mé gan chiall. Thug mé tús áite do mo chuid oibre agus bhí mé thíos leis dá bharr. Bíodh amhlaidh é. Ní fiú bheith ag caoineadh ar mo chás níos mó.
Tá deireadh ráite agamsa anocht. Fillfidh mé ar an obair. Níl éalú ar an obair. Níl éalú ar an eolaíocht. Níl éalú ar mhata agus ar fhisic ná ar réaltra. Tá mé uaigneach anocht, áfach agus beidh mé uaigneach amárach fosta. Ach leanfaidh mé liom leis an obair. Ní theipfidh orm san earnáil seo. Tá mé dall chomh fada agus a bhaineann sé le cúrsaí croí ach tuigim cúrsaí eolaíochta ar a laghad. Tuigim an saothar atá idir lámha agam. Tuigim an dúshlán atá romham. Ní theipfidh orm. Tógfaidh mé an spásárthach. Beidh cúiteamh éigin agam as an chrá croí.
Ná bíodh imní ar dhuine ar bith. Níl mé cloíte. Níl mé briste brúite. Sin é an saol. Sin é an saol. Beidh mé ar mo sheanléim go luath. Fillfidh mé ar an obair. Déanfaidh mé éachtaí sa tsaotharlann seo. Fan go bhfeice tú. Beidh caint ormsa lá níos faide anonn. Beidh caint ormsa agus ar mo chuid éachtaí. Beidh clú agus cáil orm amach anseo. Ná bíodh buaireamh ar dhuine ar bith. Ar aghaidh liom. Ar aghaidh chun na réaltaí liom.