Athscríbhinn den ghearrthóg An Fháinleog Caibidil 5

5. Síleann fear na míchéille gurb é féin fear na céille
A chairde, mo mhíle leithscéal. Bhí cuid agaibh i dteagmháil liom faoi mo chuid cainte ón oíche aréir. Bhí cuid agaibh imníoch go raibh an rómánsachas i ndiaidh an lámh is fearr a fháil orm. Seans go bhfuil an ceart agaibh. Admhaím gur ghéill mé don rómánsachas aréir. Conas nach ngéillfinn? Níl lá aiféaltais orm, áfach. Creidim féin go bhfuil an domhan seo go hálainn. Creidimse go bhfuil an pláinéad seo gan sárú.

Caithfidh muid cur i gcuimhne dúinn féin cad chuige a bhfuil muid ag troid. Caithfidh muid luach na rudaí beaga sin a chur i gcuimhne dúinn féin agus do pholaiteoirí. Caithfidh éacht na fáinleoige a cheiliúradh. Caithfidh muid crógacht na fáinleoige a thabhairt chun cuimhne. Sea, rómánsachas atá ansin ach ní rómánsachas gan chiall é.

Smaoinigh air. Dá ndéarfá leis an fháinleog: “Amharc. Níl ionat ach éan beag bídeach. Níl agat ach dhá eiteog bheaga. Cónaíonn tú san Afraic. Ní féidir leat eitilt na mílte míle go tír eile. Ní féidir leat taisteal thar talamh agus thar muir. Ní féidir leat teacht slán ó na gunnadóirí. Tá sé chomh maith agat géilleadh. Tá sé chomh maith agatsa fanacht san áit a bhfuil tú. Tá sé chomh maith agat bás a fháil. Bí réasúnta. Éist liom. Fan socair. Seachain an spéir. Seachain na gunnaí. Seachain an taobh thall den domhan.”

Cad é a tharlódh dá n-éistfeadh an fháinleog le d’achainí. Cad é a tharlódh dá ndéarfadh an fháinleog go raibh an ceart agat? Cad é a tharlódh ansin, a chairde? Déarfadh fáinleog le fáinleog eile nach raibh inti ach éan beag bídeach. Déarfadh sí nach raibh aici ach dhá eiteog bheaga. Ní eitleodh sí na mílte míle go tír eile. Ní thaistileodh sí thar talamh agus thar muir.

Ghéillfeadh sí agus d’fhanfadh sí san áit a bhfuil sí. Bheadh sí réasúnta. D’fhanfadh sí socair. Sheachnódh sí an spéir. Sheachnódh sí na gunnaí. Sheachnódh sí an taobh thall den domhan. D’éistfeadh sí le d’achainí agus ba bhoichte muid dá bharr. Ní samhradh go fáinleog. Ní bheadh samhradh againn. Bheadh sé sin ina thubaiste, nach mbeadh?

Tá a fhios agam go bhfuil fadhbanna móra againn. Tá a fhios agaibh féin go bhfuil fadhbanna móra againn. Is dona ár gcás ach bíodh dóchas againn. Síleann fear na míchéille gurb é féin fear na céille. Ná géillimis d’fhear na míchéille. Thabharfaimid tús áite d’fhear na céille. Ná bíodh eagla orainn an dá eiteog bheaga atá againn a úsáid. Tig leis an fháinleog bheag an domhan mór a thaisteal. Tig leis an chine daonna fear a chur ar an ghealach. Tig linn scéal na timpeallachta a chur ina cheart ach misneach bheith againn. Sea, ghéill mé don rómánsachas. Ghéill mé don éan bheag as an Afraic. Cad chuige nach ngéillfinn?

Téigh go dtí an leathanach 'An Fháinleog Caibidil 5'