Athscríbhinn den ghearrthóg An Fháinleog Caibidil 3

An té nach dtuigeann do chás, ná déan do ghearán leis.
Dia duit! Dónall anseo arís. Go raibh maith agat as ucht na ríomhphostanna. Tá cuid agaibh éadóchasach. Tá cuid agaibh ag rá liom nach fiú an troid. Tá cuid agaibh den bharúil nach fiú an taighde. Ná bíodh beaguchtach ar dhuine ar bith. Tig linn gníomhú le chéile. Tabharfaidh na polaiteoirí aird orainn. Tabharfaidh an pobal aird orainn ach caithfidh muid bheith eagraithe ar dtús. Caithfidh muid seasamh le chéile. Sin é mar is fearr é. Sin é an bealach is fearr. Ná glacaimis leis an status quo. Ná bímis éadóchasach. Bímis gníomhach. Bímis dóchasach.

Tá eolas againn. Tá taighde againn. Tá staitisticí againn agus anois tá plean againn. Beidh feachtas againn. Beidh feachtas againn bunaithe ar an taighde. Beidh feachtas againn bunaithe ar an eolas agus ar na staitisticí. An chéad mholadh atá agam ná seo: scríobh chuig gach polaiteoir. Tabhair le fios dóibh go bhfuil tú imníoch faoin cheist seo. Abair leo nach bhfuil tú aineolach ar an cheist seo. Is vótálaí tú agus ní vótálaí bómánta tú. Tá do chuid oibre déanta agat. Aithníonn tú an difear idir an rud atá na polaiteoirí ag rá agus an rud atá polaiteoirí ag déanamh. Cás beo eile de: déan mar a deirim ach ná déan mar a dhéanaim.

Níl mise sásta leis sin. Níor cheart go mbeadh tusa sásta leis sin. Ba cheart do na polaiteoirí a gcuid geallúintí a chomhlíonadh. Ba cheart dóibh éisteacht linn. Ba cheart dóibh éisteacht leis an phobal, leis an phobal i gcoitinne. Mar sin, is í an chéad chéim ná dul i dteagmháil leo. Tabharfaidh muid orthu a n-aigne a athrú. Seasfaidh muid an fód. Taispeánfaidh muid dóibh go bhfuil ciall agus réasún againn. Taispeánfaidh muid dóibh go bhfuil taighde againn. Scaipfidh muid an scéal i measc na bpolaiteoirí agus an phobail.

Chuaigh mise i dteagmháil le mo pholaiteoir áitiúil ar na mallaibh. Scríobh mé chuige. Dúirt mé leis go raibh imní orm faoi chás an phláinéid. Dúirt mé leis go raibh imní orm faoin téamh domhanda. Níor fhreagair sé mé. Thug sé cluas bhodhar dom. Níor ghlac mise leis an chluas bhodhar. Scríobh mé chuige arís. Thug sé freagra orm an iarraidh seo. Thug sé freagra diúltach ar m’achainí. Ba chuma liom. Lean mé liom. Scríobh mé chuige arís. Chuir mé mo chuid taighde faoina bhráid. Thosaigh mé díospóireacht leis. Níor ghéill mé. Níor chaill mé mo mhisneach.

Mar a deir na seanfhondúirí: “An té nach dtuigeann do chás, ná déan do ghearán leis.” Is é seo an rud a deirimse féin: “Níor chaill fear an mhisnigh an cluiche riamh.” Níor chaill mise mo mhisneach riamh. Níor ghéill mé. Tá mé ag imirt fós. Níl an cluiche thart; níl an rás rite. Tá mé ag scríobh chuige arís inniu. Cuirfidh mé an taighde nua faoina bhráid. Bhailigh tusa an taighde sin dom. Tá mé buíoch díot. Rinne tusa an obair. Chuidigh an obair sin liom. Tá mé ag bogadh ar aghaidh, a bhuíochas ortsa.

Inseoidh mé dó go bhfuil daoine eile buartha faoin cheist seo. Inseoidh mé dó nach duine aonair mé. Inseoidh mé dó go bhfuil cairde agam, go bhfuil muid ag obair as lámha a chéile. Inseoidh mé dó go bhfuil misneach againn, nach bhfuil muid chun géilleadh. Scríobh mise as mo stuaim féin. Sin é an feachtas atá agam. Scríobh tusa fosta. Scríobh tusa fosta agus beidh orthu éisteacht linn. Níl muid míchéillí. Tá a fhios againn go bhfuil rud éigin contráilte. Caithfidh mé an polaiteoir seo a chrá arís eile. Hé! Beidh mé i dteagmháil leat go luath. Slán go fóill.

Téigh go dtí an leathanach 'An Fháinleog Caibidil 3'