Athscríbhinn den ghearrthóg An Fháinleog Caibidil 2

Is fearr eolas an oilc ná an t-olc gan eolas
Anois, seo í m’achainí. Mar a dúirt mé, is mise Dónal agus is eolaí me. Tá mé ar lorg eolais faoin aimsir. Tá mé ag bailiú eolais faoin aimsir. Cad é mar atá an aimsir san áit a bhfuil tusa? An bhfuil gach aon rud i gceart san áit a bhfuil tú féin? Seol ríomhphost chugam. Bí i dteagmháil liom, le do thoil.

Tá spéis agam sa domhan seo. Ní gealt mé. Níl mé ar mire. Níl mé as mo mheabhair. Is duine stuama mé. Is scoláire mé. Déanaim staidéar ar an domhan. Déanaim staidéar ar an timpeallacht. Déanaim staidéar ar an aimsir. Mar a dúirt mé cheana, is eolaí mé.

Tá imní orm faoi chúrsaí, cinnte. Tá mé míshuaimhneach faoi chuid de na staitisticí a léim na laethanta seo. Sea, cad chuige nach mbeinn? Tá rudaí ag athrú. Tá rudaí ag tarlú nár cheart tarlú. Ach ní gealt mé. Is fearr eolas an oilc ná an t-olc gan eolas. Sin é mo mhana. An dtuigeann tú? Is fearr eolas an oilc ná an t-olc gan eolas. Is fearr go mbeifeá eolach ar dhrochrud ná aineolach air. Is fearr eolas ná aineolas. Is fearr taighde ná tada. Sin é mo dhearcadh féin.

Sin é an fáth go bhfuil mé ag labhairt leatsa. Ba mhaith liom eolas uait agus ba mhaith liom eolas a thabhairt duit. Bímis ag caint le chéile. Bímis ag comhrá le chéile. Agus, thar rud ar bith eile, bímis ag gníomhú le chéile. Sea, bímis gníomhach. Déanaimis an taighde seo le chéile. Déanaimis an obair seo le chéile. Ní thig liom é a dhéanamh i m’aonar. Ba mhaith liom dianscrúdú a dhéanamh ar an taighde. Ba mhaith liom an taighde sin a dhéanamh i bhur gcuideachta. Tig linn an taighde a bhailiú. Tig linn an taighde a phlé. Tig linn díospóireacht a thosú. Tig linn torthaí an taighde a phlé. Tig linn plean a ullmhú. Ansin, tig linn gníomhú. Ach bíodh an t-eolas againn ar dtús. Sin mar is fearr é.

Mar a dúirt mé, ní gealt mé. Is duine ciallmhar mé. Is duine stuama mé. Is eolaí mé. Is scoláire mé. Tá mé ar lorg eolais; tá mé ar lorg cuidiú. Níl mé ag iarraidh duine ar bith a scanrú, ná bíodh imní ar dhuine ar bith! Níl mé ag fógairt go mbeidh deireadh an domhain ann...go fóill! Níl mé ag iarraidh eagla a chur ar dhuine ar bith. Tá mé ag iarraidh caint chiallmhar a thosú. Sin é an méid.

Creidim san eolaíocht. Creidim go bhfuil an eolaíocht fiúntach. Creidim go bhfuil an eolaíocht éifeachtach. Creidim go gcuidíonn eolaíocht le daoine. Creidim go gcuidíonn eolaíocht leis an phláinéad. Creidim go bhfuil an pláinéad seo beo. Ní chreidim gur cloch fhuar mharbh í an pláinéad seo againn. Creidim gur cuibhreann torthúil beo é. Creidim go dtugann an pláinéad uisce agus aer agus bia dúinn. Fásann muid ar an phláinéad seo agus fásann an pláinéad seo linn.

Caithfidh gach cúram a thabhairt dó – mar a thabharfas muid cúram do pháistí. Tá an pláinéad beo. Tá mise beo. Tá tusa beo. Tá muid uilig beo. Bímis beo le chéile. Bímis ag caint le chéile. Bímis ag foghlaim le chéile agus bímis dóchasach. Sea, bímis dóchasach. Níl an rás seo rite fós. Tig linn foghlaim le chéile. Tig linn bheith gníomhach le chéile. Bígí i dteagmháil liom. Tá an seoladh ríomhphoist agat. Slán agus beannacht.

Téigh go dtí an leathanach 'An Fháinleog Caibidil 2'